Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 205
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Eireaball in aice le Cill an Dísirt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darbh ainm Tomás (-) na chomhnaidhe ins an Earball fadó. Feirmeóír beag ba eadh e. Tá a mhuinntear na gcomhnaide ann fós agus deirtear go bhfuil cóip do thaingaire Colm Cille aca mar daoine go bhfuil baint aca le rudaíbh dóthuigseana is eadh iad go léir.Do dhein Tomás taidhbhreamh trí oidhche in-diaidh a chéíle go bhféadfadh sé feín i comharta do pota óir d'fhagháil i dtráígh Seanala (?) i ngar dóibh. Bhí sé ráidhte ins an dtaidhbhreamh go raibh an pota clúduighte le leac mhór, agus go ndeanfaí iarracht ruaig a chu air féin agus ar an bhfear eile ach tugadh comhairle do gan a chuid misnigh do chailliúint agus bheadh sé saidhbhir go deó.Do thgadar rána agus sluaiste ín éinfeacht leoa gus do thosuigheadar ag triall go dtí an áit 'na raibh saidhbhreas an domhain mar a cheapadar. Uair an mheadhon oidhche abhí ann nuair do thosnuigheadar ag ramhadh. Bhíodar ag obair go dtí go dtánagadar go leic mhór abhí ar bhárr an óir. Bhí deire leis an saothar anois agus do shuidheadar síos. Cad a thiocfadh os a chomhair amach ar an nóimint sin ach cú uathbhásach. Bhí deallreamh an diabhail air agus spréacha ag teacht as a dhá súil. Do thosnuigh sé ag tafant i dtreó is do cheapadar gur chrioth an talamh timcheall ortha. Do choisnigheadar iad féin chun béarna a chur idir iad féin agus cú an Ifrinn mar do thugadar air 'na n-aigne féín. Chomh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Maoláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Buailte Dúlainn, Co. an Chláir