Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 259
- XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine in Éirinn Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In am an ghorta bhí daoine bochta na gcomnaidhe i gCill-an-Disirt in aice leis an gcéádh. Bhí fear darbh ainm Mathghamhna na chomhnaidhe i mBaile Léana inaice an locha agus is i gcúram an dhuine sin abhí an t-airgead. Tugadh é do gach duine a thréíg a chreideamh agus a thug iarracht ar theanga na Gaedhilge do chur ar ceal. Do glac daoine na céaidh an t-airgead.Bhí bean bocht na comhnaidhe iBaile Léana. Baintreach ba eadh í agus bhí clann mór aici agus iad ag fagháíl báis leis an ocras beagnach. Bhí mac Mathghamhna ag tasant (?) uirthi an t-airgead do glacadh. D'iarr sí comhairle ar an sagart paróiste abhí i gCill-an-Dísirt an t-am sin ar ceart dhí é d'fagháíl. Dubhairt seisean gur ceart di é do fhagháil agus úasáíd a déanamh as chun a clann do cothughadh. Do dhien sí mar a dubhradh léi ach nuair d'fás a clann suas d'iompuigh si a drom le Mathghamhna agus a chuid airgid.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seóirse Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir