Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 272
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá páirc i leac na Sionnach agus is é páirc an tobair an t-ainm atá uirthi.”
Tá páirc i Leac-na-Sionnach agus is é páirc an thobair an t-ainm atá uirthi. Fadó riamh do bhí na daoine ag iarraidh taosgadáin a chur síos innte. Do bhíodar ag romhar agus ag romhar go dtánaigeadar go leac mhór. Do chonnaiceadar uisge ag teacth amach as an lic go tapaidh agus gan stad.D'eirigh sé an árd agus tánaig eagla ortha go mbáidhfeadh sé an baile. Níor chuireadar aon taosgadán síos mar bhí an tuisge ro árd. Is amlaidh do chaitheadar an cré isteach arís agus do dhúndhar an poll go tapaidh. On lá sin amach tugtar páirc an thobair uirti.
Tá Leac mhór in Aifrinn in ubhall ghort le muintear Dótháin darbh ainm cloc Aifrinn. Tá an ubhall ghort i ngleann agus tá cnuic timceall air. Tugtar ubhall ghort an Aifrinn leis an ubhall ghort sin."Cnoc an t-Sagairt" leigheadh sagairt an t-aifreann ar an gcnoc sin fadó."Gort na Codladh". Tá sé seo suidhte míle om thigh. Páirc is eadh i anois. Fadó riamh do bhí gáirdín ann. Tá fallaí timcheall uirthi. Is doigh le doaine go raibh na daoine maithe na gcomhnaidhe ann fadó agus go gcuiridís daoine a chodhladh ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Cathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leacain na Sionnach, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Leacain na Sionnach, Co. an Chláir