Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó riamh in am na bpéin dlighthe i n-Éirinn ní raibh aon teampall ann acht bothain déanta as dóib buidhe. Do chuaidh na daoine go dtí an t-Aifreann in áiteanna uaigneacha in a raibh gleannta do ghnáth agus da cnoc timcheall ortha. Tógadh altóir i ngleann agus leac ar a bárr. Gach Domhnach do léigheadh an sagart an t-Aifreann i gcóir na ndaoine. Ar bhárr an da gcnoc do bhíodh daoine eile ag faire ar na saighdiúiri gallda.Tá altóir i mBaile Léana fós i bhfuirm leaca. Tá sí suidhte in ár ubhall ghort. Aon Domhnac nuair a bhí na daoine cruinnighthe i gcóir an Aifrinn ní raibh an sagart taghtha fós. Do bhí sagart darbh ainm an t-athair (-) ag dul thart. Bhí sé tar-éis teacht abhaile ó choláiste i mór roinn na h-Eorpa. Do ghlaoidheadar air agus d'iarradar air an t-Aifreann do léigheamh. Nuair a bhí culaidh an Aifrinn air thánaig an cead sagart agus do bhain sé culaidh an Aifrinn de shagart eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní An Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Leáin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Donnealláin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Leáin, Co. an Chláir