Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit uaigneach ar an dtráig inaice leis an gclochar ar a dtugtar an Uaimh. Tá faillte árda ann os cionn na fairrge. Thagadh longa móra i dtir ann le cuimhne na ndaoine aosta atá ann anois chun imirceóirí a bhreith thar sáile go tiortha iasachta. Is mó scéal truaighmhéileach a inniseann na sean daoine i dtaobh na h aimsire sin - Éireannaigh ag scaramhaint le cáirde ná feicfidís riamh ar an saoghal seo. Dá bhrigh sin tá baint ag an Uaimh le h Éirinn.Tá fothaireacha sean-tighe ar bhárr na bhfaillte anois. Bhí daoine darabh ainm 'Poll' 'na gcomhnaidhe ann fadó agus bhí coilleach mór aca. Longa seóil a bhíodh ar an tSionnain an t-am sin agus b'éigean dóibh fanamhaint ar an dturas ó Chill-Ruis go Luimnigh ó am go ham ag fanamhaint le gaoith fhabharach. Is minic a chuiridís ancóire amach os comhair an tighe seo ar bhárr na bhfaillteAon oidhche bhí long ag teacht abhaile ó Luimnigh go Cill-Ruis agus do chuir sí fúithi i gcóir na h-oidhche ins an áit sin. Uair an mheadhon oidhche bhí an captaoin ar bhórd na luinge ar a shuimhneas ag caitheamh tobac, nuair do chonnaic sé radharc grinn inaice an tighe. Do dhein sluagh daoine ar an dtigh agus comhra gá iomchair aca. Nuair do shroiseadar doras an tighe bhí an coilleach ann rómpa agus do thosnuigh sé ag glaodhach ar árd a chínn. Ar an nóimint d'oscail sé a bhéal do theich daoine na comhrann chomh tapaidh agus bhí sé 'na gcosaibh agus níor stadadar ag rith go rabhadar as radharc an chaptaoin agus d'fhágadar an coilleach i seilbh an tighe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Deaghaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cathair Dhá Chon, Co. an Chláir