Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 280
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Is mó cáil a bhí ar aonach Cill an Dísirt fadó.”
Is mó cáil abhí ar aonach Cill-an-Dísirt fadó. Thagadh feirmeóirí chuige ó gach baile fearthainn timcheall na sráide cuir i gcás Lios Uí Catasaighe, Cúl Mín, Baile na Ceallaighe, Leaba Síoda agus ó na h-oileánaibh i mbéal na Sionnaine. Bhíodh na h-aontaí ar suibhail i bpáirc áirithe i bhfiadhnaise na Sionnaine agus ar chúl na Sráide darabh ainm "Páirc an Aonaigh". Is imeasg na Sráideanna a bhíonn an t-aonach ar suibhail anois. Is minic a théidheann na ceannuightheóirí ó thigh go tigh fe'n dtuaith ag ceannach beithidheach, tamall gearr roimh lá an aonaigh go mór mhór nuair a bhíonn fiacha stuic ag ardú i gan fhios do na feirmeóiribh.Tosnuigheann an t-aonach ar a cúig nó a ceathair a clog maidean Samhraidh agus le teacht solus an lae ins an ngeimhreadh. Is mó margadh a deantar idir sin agus an meadhon lae. Nuair a cuirtear deire leis an aonach agus is mó argúint abhíonn ar suibhail idir ceannuightheóiribh agus feirmeóirí . Uaireannta tagann comharsa chun congnamh a thabhairt an margadh do d'eanamh bíonn na ceannuightheóiribh ag caineadh na mbeithidheach le fonn an luach d'isliú agus bíonn na sealbhathóirí gá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ita Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Garraí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir