Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 274
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Timthire tighearna talmhan dob eadh pilip mac Cárthaigh....”
Timthire tighearna talmhan dob eadh Pilip Mach Cárthaigh abhí ag tabhairt aire de thalamh dhísle muintear Chonnaill. Do bhailigheadh sé an cíos ó na bailte fearthainn sa chomharsanacht cuir i gcás Baile-Léana Leach-na-Síonnach agus Bail Luachra. Fear cruaidh ba eadh é gan truagh aige ar na seilbhatheóiríbh abhí 'na gcumas. Do chomhnuigh sé ag Leach-na-Síonnach. Do thugadh sé cuaird ar thighthe na bhfeirmeóirí go minic agus má chífeadh e aon leasughadh déanta timcheall na feirme d'árduigheadh sé an cíos láithreach bonn mar gheall ar san.Bhí muintear darbh ainm O Connaill 'na gcomhnaidhe i Leach-na-Síonnach. Daoine saidhbhre ba eadh íad do réir seanchuis. Nior thaithnigh leis an dtimthire íad mar is mó íarracht a thug se chun iad a ruagairt amach ar thaobh an bhothair fé mar do chuir sé alán daoine eile gan cruagh gan taise.Ní raibh sa líon tighe ach an fear agus a bhean. Fuair an sean fhear bás agus d'eirigh an sean bhean caoch. Annsan do chaith Mach Cárthaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghinnáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Leáin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Ginnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Leáin, Co. an Chláir