Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 216
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Gort na Cora in aice le Cill an Dísirt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darbh ainm Tomás Ruadh na chomhnaidhe i nGort na Cora tuirim le céád bliadhain o shoin. Bhí ainm an Shaidhbhreas air cé gur chomhnuigh sé i dtigh bheag inaice an Dhúin ann. Nuair do fuair sé bá ní raibh tasg no tuairisc a chuid airgid le feiscint. Annsan do leath an ráfla ar fuid na tíre gurbh amhlaidh gur chuir sé an t-ór i bhfolach ins an lis. Is mo duine a thug turas chun an dhúin ar lorg an óí ach níor eirigh le h-ainne é d'fhagháíl.Aon uair do dhein comharsa taidhbhreamh go bhfuigheadh sé an t-ór ach dul go dtí an lis ar a h-aon a clog san oidhche. Roimh an uair sin no 'na dhiaidh bheadh madra mór ag cosaint an óí agus má bhuail an madra ainne (?) bheadh a shaoghal i gcontabhairt. Do dhein sé iarracht trí oidhcheanna an dún do shroisint in am ach do theip air. Cuireadh moill air i slighe éigin draoidheachta agus sa deire d'eirigh as an iarracht ar fad.
Máíre Ní Dotháin
Baile Leana- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dotháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Leáin, Co. an Chláir