Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (2) San mbliadhain 1888 bhí long ag teacht o America theas go Luimneach le h-ualach coirce. Nuair do thánaig sé isteach i mbéal na Sionnaine ní riabh an piólóideach ann chun í a thabhairt go Luimneach. Ní riabh eolas na h-abhann ag an gcaptaoin agus do chuaidh an long ag carraig inaice tighe an t-Solais.Nuair thánaig an píolóideach thios fé comhairle de'n chaptaoin an t-ualach do dhéanamh éadtrom idtreó is go bhféadfadh se í a thógaint as an gcarraig gan dioghbháil a dhéanamh dí. Bhí an coirce tamall beag fliuc agus do dhíol an captaoin é do na daoinne a thánaig chuige. Do chuaidh bádóirí Cill-an-Dísirt chuige agus do dhíoladar a lán de dhóibh. Do cheannach feirmeóirí na h-áite é i gcóir beithidheach agus thánaig mórán tairbhe dóibh as an ngluaiseacht san.Cuireadh an píolóideach fé dhéin cuirte chun cúntas a thabhairt do'n bhreiteamh cad a chuir mhoill air. (Ba é a bhí cionntach le tionóire na luinge) Níor fhéidh sé an chuirt do shásamh agus tugadh teistimeáracht an phíolóidigh uaidh agus daoradh chun fíneála a dhíol do.
(3) Do thug triúir fir cúairt ó Eas Céiteinn go Cill-an-Dísirt tuairím dachad bliadhain ó shoin. Nuair a bhíodar ag dul abhaile baidheadh iad inacie le tig an tSolais. Do chonnaic fear an thighe Soluis iad ach níor fhéad sé aon congnamh a thabhairt dóibh. Fuaireadh na cuirp agus cuireadh iad in Eas Céitinn Co. Luimnigh.