Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim 60 bliadhain ó shoin bhí fear darbh ainm Séamus Ó Mhathghamhna 'na chomhnaidhe i gCill-an-Dísirt.Tugadh Séamus an Tairngeóir air mar dheineadh sé tairngí 'na cheardcha. Ní raibh aige ach tigh beag agus é roinnte 'na dhá cuid seomra codalta agus ceardcha. Bhí aon mhac aige agus do chuir sé roimhe duine uasal a dheanamh de san.Do choimeád sé an buachaill ar scoil go dtí go raibh sé' 'na scoláire maith. Annsan do chuir sé é go coláiste i mBaile Átha Cliath agus do thosnuigh sé ag foghluim le bheith 'na dhochtúir le h-imtheacht aimsire do bhronnadh an tideal an Dochtúir Mathghamhna air.Tar éis tamaill do phós sé bean uasal an-shaidhbhir abhí 'na comhnaidhe ins an gcathair. Annsan chuaidh sé tamall beag as a mheabhair le h-áthas agus bhí sé tamall beag tugtha de'n ól.Thug sé a bhean abhaile leis go Cill-an-Dísirt. Bhí iongnadh uirthi nuair do chonnaic sí an tigh beag 'na rugadh agus 'na thógadh a fear céile. Bean ciallmhair ba eadh í agus d'fhan sí ann ar feadh trí seachtmhain. Bhí fonn chun an óil imthighte as a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Shore Park, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Shore Park, Co. an Chláir