Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Dún suidhthe i Leac na Sionnach, ceann eile i mBaile Leana, ceann eile i Lios Cormaic, ceann eile i gCathair Dhá Coun agus Dún i mBaile Léana, ceann i Lios na bhFaithche, ceann in Luis (?) Corcair(a) Dún mBaile Léana Ceapann daoine an bhaile fearthainn seo gurbh iad na Danair a thóg na dúnta. Tá an dún sin suidhte i bhfeirm muinntir Maoldhomhnaigh. Tá leactán cruinn timcheall air i clais doimhin (?) sin. Tá gach sórt tor ag fás 'na lár. Creideann na daoine go bhfuil bóthar fé thalamh ag treorú ón ndún san go dtí an dún atá i Leach na Sionnac. Deireann na Sean-Daoine nach ceart an rud (?) tuir inaice an dhúin do bhaint.Tuairim deich mbliadhain ó shoin bhí fear ag treabhadh na páirce chun gáirdín a dheanamh dhi. Do thuit capall don seifrigh (?) tinn agus do fuair sé bás go h-obann. Níor lean sé an treabhadh. Féarach ba eadh an talamh sin ón lá sin amach.
(b) Dún i mBaile LéanaBhí fear agus a mhac agus cúpla fhear eile ag teacht abhaile o thoramh aon oidhche. Nuair do thánaigeadar inaice an dhuin do sheas an fear chun a phíopa a lasadh agus do lean a chompánacha ar siubhail. Tar éis tamaill nuair na raibh sé ag teacht do chuaidheadhar thar nais ar lorg ach bhí sé imthighthe díreach mar sloigfeadh an an talamh é. Do leanadar ar loirg ar feadh seachtmhain. D'inniseadar an scéal do na póíliníbh abhí in Éirinn annso ach tásg nó túairsc de ní fuair aon duine.Bhí muileann plúir sa chomharsanacht an t-am sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dotháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Leáin, Co. an Chláir