Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 214
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Coinigéar Lane (Lanesborough)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá abha mhór i gcoinigeár láne (?) agus deintear úasáíd aisti mar theóra idir a lán feirmeacha. Is mó sceál greannmhair a innistear mar gheall ar an abhainn seo. Is féídir le daoine dul treasna na h-abhann ag an gcisígh 'na bhfuil carraig mhór sáidhte isteach go daingean sa talamh. Tá dealbh áit ins an gcarraig céadna agus ní féidir daoine ná daonaí cor a bhaint aiste. Bíonn dóib ghorm 'na timcheall i gcomhnaidhe. Carraig draoidheachta is eadh í do réir tuairim na ndaoine sa chomharsanacht.Do theasbáín leipreachán é féín ann go minic ó am go h-am agus, mar is gnath leis é i gcomhnaidhe an-ghnothach ag deisiú bróíge. Is mó iarracht a deineadh chun greim do chur air ach do theip ortha go léír. Sprid cliste is eadh é mar do réír an dheallraimh is féidir leis teacht slán as gach deacaireacht agus sin í an adhb. Ní fheaca éinne an leipreachán anois le cúig bliadhna deag. Is minic a theasbáin sé é féín go dtí san.Ba dhóígh leis na sean-daoine gur stad an bogha baistighe os cionn na carraige seo agus go raibh pota óír curtha i bhfolach fuithi. Do chuaidh fear uair an mheadhon oidhche chun an charraig do bhriseadh le púdar. Bhí sé ar tí leasán a chur leis an bpúdar nuair do theasbáín an leipreachán é feín dó. Do thug sé comhairle a leasa do. Dubhairt go marbhochthaí an fear ins an bpléísg dá mb' rud é go gcuirfeadh sé leasán leis an bpúdar agus annsan cad é an mhaitheas do bheith(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Ginnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Leáin, Co. an Chláir