Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Scéal Grinn - Obair na Mná, Uair an Mheán Oíche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean na comhnaidhe i gCill-an-Dísirt fadó riamh. Ní riabh an baile annsan mar atá sé anois. Ní riabh ach tighthe beaga ann agus cinn tuighe ortha. Ba ghnath leis an mnaoi sin bheith ag obair go mall san oidhche go mór-mhór oidhche Sathairn. Bhí sí sa chistin aon oidhche ag deanamh iarnála ar eadach a cuid leanbhaí. Bhí a fear céile agus an líon tighe go léir imthighthe a chodladh. Níor mhothuigh sí an t-am ag dul thairiste go raibh sé ag deanamh ar uair an mheadhon oidhche.
    Do bhuail duine ag an ndoras. Ní riabh fhios aici go raibh sé chomh mall san oidhche agus do cheap sí gur duine des na comharsaibh abhí ann agus d'oscail sí é gan mhoill. Do tháinig stróinséar isteach agus do bhuail sé chun na teine. Bhí sórt tighe osta ag an mnaoi sin agus níor chuir sí mórán suime ar an cúirteóir ach d'imthigh si chun a cuid oibre do chríochnughadh.
    Nuair d'fheach sí chun na teine arís is beag no gur thuit sí na laige. Bhí atharú mór tagtha ar an bhfear abhí ann. Bhí culaidh donn ann anois fé mar bheadh ar sagart naomhtha. Do ghlac eagla di agus do ghlaoidh sí os árd
    "In ainm Dé fág an tigh siu". D'imthigh sé gan focal a labhairt
    Do rith sí go dtí an seómra codalta agus do dhúisigh si a fear céile. Bhí sé díreach ar leath uair tar éis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir