Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 227
- XML “Leigheas a Dhein an Bhean Feasa <span class="exact">Biddy</span> <span class="exact">Early</span> ó Oirthear Chontae an Chláir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mar gheall ar sin ba dheachair an rud do fhear Cill-an-Dísirt tigh Brighde d'fhagháíl mar ní riabh eolas an bhóthair aige. Ach fe dheire do shrois sé an tigh gan teip. Bhí sé ráidhte idtaobh Brighde go raibh eolas gach rud aici agus sul ar imthigh sé as baile do sháígh ár nduine píosa bata ins an gclaoidhe chun a dhénamh amach an mbeadh fios an ghniomha sin ag Brighid nuair a shroisfeadh sé an tigh agus do bhí.Chomh luath agus thánaig sé isteach do innis sí dó sceál an bhata. D'iarr se uirthe buidéal a thabhairt dhó i gcóír a mhna a bhí tinn. Ní raibh aon riachtnas aige focail a labhairt. Bhí an sceál ag Brighid ó thús go deire. Do thug sé an buideál draoidheachta do agus mar ba ghnáth leí fógradh aire mhaith a thabhairt do. Ar an slighe abhaile do ba dóbair do thuit as an gcapall go minic acht do coimeád sé é slán gur shrois sé an tigh. Ba ghairid an mhoill de'n bhuidéal sin an bhean do leigheas nuair d'ól sí é.
Micheál Ó Gradaigh- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Ghadaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairmeacha beatha
- Búistéir
- Feirmeoir
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir