Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Leigheas a Dhein an Bhean Feasa <span class="exact">Biddy</span> <span class="exact">Early</span> ó Oirthear Co an Chláir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá baile fearthainn darbh ainm Buain Fada inaice le Cill-an-Dísirt ibparóíste Cúl Maoin. Bhí fear darbh ainm Sinán Mac Grogáín na chomhnaidhe ann fadó. Fear láidir dathamhail árd ba eadh é agus rinnceóír maith be eadh é leis. Ni riabh a leithead le fagháíl ar fuid na tíre maidir le luthchleasa.
    Aon lá nuair abhí sé ag obair san ngáirdín thuit sé tinn. Bhí a mhathair ana ceanamhail do agus do chuir sí iachall air dul a chodladh nuair do shrois sé an tigh. Do thug sí cupán bainne beirbhthe do mar do cheap sí gur slaghdan abhí air. An lá 'na diaidh sin bhí sé níos measa agus fé dheire do chuireadar fios ar an ndochtúir. Nuáir a thánaig sé níor mhaith leis in aon chor an crot abhí air agus dubhairt sé leis an athair go raibh eagla air go raibh a chnaipe déanta.
    Níor chiall an mhathair an misneach. Dubhairt se leis an athair go mba mhaith an rud cuairt a thabhairt do Biddy Early le dúil a mac dilis do leigheas. Do gléas an fear an capall agus do thug sé aghaidh ar thigh Brighde.
    Ní fheaca Brighid riamh é sul an lá san ach mar sin feín do bheannuigh sí do nuair do thánaig sé isteach agus bhí fhios a ainme, abhaile fearthainn agus a ghnótha aici i dtreó is a cheapfadh duine gur léi a chaith sé a shaoghal.
    Dubhairt sí gurbh é féín abhí cionntach leis an teinneas abhí ar a mhac. Dhein si cur síos ar thigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Bidí Ní Mhochóirí (~186)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Conchubhair Mac Eochaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir