School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 130
  3. XML “Nósanna a Chleachtaítear Anseo Nuair a Bhíonns Tórramh sa Teach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus tar éis don sagart an cré a chaitheadh ar an gcomhrainn agus arís nuair a bhíonns an fód deire curtha ar an uaigh.
    Roinntear amach píopai, tobac (agus le deidheanaighe toitíní (?) ) ar na daoine biodh 'sa (?) bhfuil siad ag caitheamh no nach bhfuil. Deirtear nuair a tógtar an píopa cré:
    "Go ndéánaidh Dia trócaire ar a (h-) anam, agus ar anamachaibh bhur muinntire uilig" (Is ceart an píopa a lasadh agus annsin "Tá brón mór orm faoi do bhris."
    Déantar tae chomh maith agus fáhann gach duine béile.
    Pógtar éadan fuar an mharbháin díreach sar a chuirtear an clár ar an gcomhrainn. Díreach sara tosnuightear ar an socraid tógtar an chomhra amach agus leagtar ar dhá cathaoir í nó dhá stól. Craithtear uisge coisreagthan ar an gcomhrainn agus ar na daoine - agus téíghtear thart leis an ngréin agus an t-uisge coisrieagthan dá chraitheadh. Annsin glaoidhtear ar cheathrar den t-sloinneadh céadna leis an marbhán chun an chomhra d'iomchur. Árduightear an chomhra agus tagann fear eile agus iompuigheann sé an dá stol isteach chun a céile. Sé an fáth atá leis sin ná: deirtear muna leagtar na stoil ar an doigh sin go leagfar comhra eile (?) gan mhoill ie. (?) go bhfuighidh duine eile den clanne báis go luath.
    Ní téightear ar an aithghiorra ariamh le socraid agus tugann gach duine a chasanns ar an socraid trí coiscéamanna na trócaire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish