School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 244
  3. XML “Scéal - Fionn agus na Fianna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eóghan Ó Gallchobhair 23.11.37
    Scéal Fionn agus na Fianna
    Bhí sin ann agus is fad ó bhí ins an t-sean-aimsire,
    Chualaidh mise m’athair ag rádh gur chulaidh seisean cómharsa ag rádh. Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag seilg agus mharbhuigh siad cuid mhór éanach agus gearrfhiaidh agus carrfiadh. Bhí siad i bhfad as baile agus chuaidh siad ar seachrán. Chonnaic siad coillidh comhgarach dóbhtha agus chuaidh siad isteach sa choillidh, agus scrócadh agus scialladh iad ar na géaga a bhí ann.
    Le clap-sholus chonnaic siad solus i bhfad uatha agus i ndeas dóbhtha agus tharraing siad ar an tsolus. Bhuail siad ar an doras agus foscladh an doras dóbhtha. Chuir fear a’toighe fáilte agus céad rompa agus d’iarr Fionn lóistin go maidin no go rabh siad tuirseach agus ocrach. Dubhairt Fionn leis an dtiocfadh leis biad ar bith a thabhairt dóbhtha. Dubhairt fear an toighe nach rabh mórán le h-ithe ac cia bith a bhí ann go dtiocfadh leo é a bhéith aca. Dubhairt Fionn go rabh neart leobhtha fhéin eadar éanlaith agus gearrfiaideacha agus carrfhiadeacha, da mbeadh sé réidh. Dubhairt fear a’toighe go rabh móin agus neart preataí aige agus go dtiocfadh leo teine bhréagh a chur síos, go rabh maoiseog mhór phreataí i gcionn an toighe agus go dtiocfadh leobhtha iad a bhruith dóibh fhéin. Ní rabh siad i bhfad go rabh gach rud gléasta aca fhéin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eóghan Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal
    Informant
    Pádhraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal