School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 277
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín.”
(continued from previous page)Scríobhnóir: Maighread Ní Chinnéide, Cró PádraigScéal
“Bhí fear ar na h-Agallaí am amháin ar bh'ainm do Antóin Dubh. Fear neamh-eaglach a bhí ann agus ghníodh sé morán de rudaí nach mbíodh ciall ar bith leo.”
Scéal
Bhí fear ar na h-Agallaí am amháin ar bh'ainm do Antóin Dubh. Fear neamh-eaglach a bhí ann agus ghníodh sé morán de rudaí nach mbíodh ciall ar bith leo.
Lá amháin indiaidh a mhathair bas a fhághail d’imthigh Antóin a bhaint batail coisgirighe ar an taobh thall de loch-na-nAgall. Nuair a bhí an bhatail bainte aige ceangail sé suas go cruaidh í, chaith sé amach san uisge í agus shuidh sé fhéin in a mullach. Thoisigh sé a iomradh na bataile leis an speil.
Bhí cuid ban na n-Agall amuigh agus a gcuid Connracha Muire in a gcuid Méar aca ag guide Dé, Antóin a shábhail. Fa dheireadh shroich Antóin cladach na locha.
Bhí Mícheal Chordain ina seasamh ag bóitheach an eallaigh a bhí ag Antóin. Chuaidh Antóin fad leis agus arsa seisean,
“Goidé do baramhail do sin a Mícheal?"
“Bhal,” arsa Mícheal, “bhfeiceann tú an gamhain sin?”
“Tchidhim,” arsa Antóin.
“Bhal, ní dhéanfadh an gamhain sin an rud ata déanta agat,” arsa Mícheal.(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Antóin Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal