School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 225
  3. XML “Iolar agus Aingeal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Iolar agus Aingeal
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí bean agus fear ann aon uair amháin agus bhí siad ina gcomhnuidhe i dteach leobhtha fhéin. Gach maidin le teacht an lae théideadh an fear a sheilg i ngleann a bhí thíos uatha. Lá amháin chuaidh sé síos an gleann mar ba ghnathach leis.
    Chonnaic sé nead iolair shuas go h-ard. Chonnaic sé tóirt bheag dhearg innti agus bhí a fhios aige gur leanbh a bhí ann. Suas leis agus thug sé anuas an leanbh. Thug sé leis ‘un an bhaile é. bhí ingean aige fhéin agus bhí sí an-deas. D’fhás an leanbh aníos go raibh sé ina shócach. Aingeal a bhí ar an chailín agus dar leobhtha go dtabhairfeadh siad Iolar ar an stócach.
    Bhí eagla ar an tsean-bhean go dtabhairfeadh Iolar Aingeal ar shiubhal leis. Oidhche amháin rinne sí dhá ghloine punch daobhtha. Chuir sí nimh i gceann Iolair agus thug sí do é. (Ach thug sí do é) thug Aingeal ar Iolar an punch a chathadh isteach ins an teinidh. Rinne Iolar mar h-iarradh air. Thug Aingeal leath a cinn fhéin do. Maidin lá thar na bhárach thug sí dhá ubhla daobhtha. Chuir sí nimh i gceann Iolair, ach thug Aingeal air a ubhla a chur isteach faoi’n leabhaidh. Thug sise leath a chinn fhéin do.
    Lá amháin eile rinne sí dhá bhuilbhín daobhtha. Thug Aingeal ar Iolar a cheann fhéin a chathadh ar shiubhal, agus thug sí leath a cinn fhéin do. Bhí a fhios ag Aingeal go gcuirfidhe Iolar as bealach agus oidhche amháin rinne sí trí thuirtín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Dhubhgáin
    Gender
    Female
    Address
    Cruach Phádraig, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal