School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 240
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gobán an Saor
Bhí saor ann am amháin ar bh’ainm do Goban. Ní raibh aige acht aon mhac amháin, agus ba mhaith le Gobán bean a fhaghail do’n mhac. Lá aonaigh amháin dubhairt sé leis an mhac go raibh croiceann caorach amuigh annsin agus go raibh olann ag fá air fosta. D’iarr sé air é a thabhairt leis ‘un an mhargaidh agus a díol le cailín óg, acht an luach agus an croiceann a bheith ‘un a bhaile leis.
Bhí iongantas ar an mhac acht mar gur bh’é a athair a d’iarr air é rinne sé é. Ní raibh sé i bhfad ar an margadh go dtáinic fear fad leis agus cuir ceist air ca mhéad a bhí sé a iarraidh ar an chroiceann dubhairt seisean go gcaithfheadh sé an luach agus an croiceann a bheith ‘un an bhaile leis. thoisigh an fear a gáiridh faoi agus d’imthigh sé uaidh. Fa chionn tamaill tháinic cailín óg fhad leis, chuir ceist air ca mhéad a bhí a iarraidh ar an chroiceann. Dubhairt sé go gcaithfheadh sé an luach agus an croiceann a bheith ‘un an bhaile leis. tharraing sí deimheas amach as a póca, lom sí an olann on chroiceann agus cheannuigh sí an olann. Annsin, d’imthigh an buachaill ‘un an bhaile agus an croiceann agus a luach leis ‘un an bhaile.
Chuir Gobán sgéala chuig an mhnaoi óig seo ag iarraidh uirthí a theacht fhad leisean an lá thar na bhárach, agus is é seo mar a chaithfheadh sí a theacht.
D’iarr sé uirthí gan a theacht ins an oidhche agus gan a theacht ins an lá; gan a theacht ar an bhealach mhór(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Antóin Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal