School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 286
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach aon mhac amháin. Lá amháin bhí an fear ag deanamh cléibh agus d'iarr sé ar an ghasúr a ghabhail amach fa choinne an tsaileóg a bhí amuigh ag taobh an toighe.”
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach aon mhac amháin. Lá amháin bhí an fear ag deanamh cléibh agus d'iarr sé ar an ghasúr a ghabhail amach fa choinne an tsaileóg a bhí amuigh ag taobh an toighe. Dubhairt an gasúr nach rachadh. Thóg an mháthair an maide briste agus dubhairt sí, “go amach anois agus go raibh an diabhal leat!” Chuaidh an gasúr amach, agus nuair a chuaidh sé go dtí an áit a raibh an tsaileóg bhí an diabhal ina sheasamh roimhe.
D’iarr an diabhail air a dhul leis-san. Chuaidh an gasúr leis. shiubhail siad leo go dtáinig siad fhad le teach. D’iarr an diabhail ar an ghasúr seasamh annsin go bhfeiceadh seisean cé a bhí suas annseo. Nuair a sé suas bhí lán an toighe de daoine agus iad ag damhsa. Nuair a tháinig anuas d’innis sé do'n ghasúr cé a bhí shuas annsin. Shiubhail siad leo go dtáinig siad fhad leis an dara teach. D’iarr an diabhail ar an ghasúr seasamh annseo go bhfeiceadh seiseán cé a bhí suas annseo
Nuair a chuaidh sé suas bhí lán an toighe annsin agus iad ag imirt chárdaí. Nuair a tháinig sé anuas d’innis sé do'n(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Antoin Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal