School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 361
- XML “Scéal”
- XML “Niall Mac an Bháird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí gasúr ann am amháin, agus bhí moran aiteacha siubhalta aige. Lá amháin bhí sé fhéin agus sgaifte eile gasúr ag dul 'na sgoile agus dubhairt duine aca go raibh seisean ag a leithéid seo áiteacha, acht bhí an gasúr ins na h-áiteacha céadna.”
(continued from previous page)Scríbhnóir: Domhnall Breatnach, Áirdmhín, Clochán Liath.- Ins an am a rabh Ó Domhnaill i nDún na nGall, agus duine de na ríghte bá mheasa a bhí i nÉirinn ariamh an Dálach céadna, fuair sé caisléan úr déanta. Saorthai as Sasain a bhí dhá dheánamh. Bhí fear freastal aige fhéin ar bh’ainm do Niall Mac an Bháird. Chaith fear de na saorthai anuas grainín muirtheáil ar chloich, agus d’iarr sé ar Mhac an Bháird an chloch sin a thabhairt aníos chuige. Ar a ghabhail suas do Niall leis an chloich leag sé é fhéin í ar an bhalla, leisg oiread de shásamh a thabhairt do. Thionntuigh an saor í cupla uair, ar a dhóigh fhéin, agus ní fhóghnóchadh sí. Chonnaic an saor go rabh Mac an Bháird comh maith leis fhéin, agus i ndeireadh an lae d’innis sé do Ó Domhnaill mura gcuireadh sé Mac an Bháird ar shiubhal go mbéadh an obair millte. Smaointigh Ó Domhnaill gur bh’fhearr do Mac an Bháird a chur ar shiubhal. Scríobh sé(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Fhirghil
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 62