School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 313
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ag gabhail thart aon uair amháin ag díol éadaigh. Oidhche amháin bhí sé ag gabhail thart go mall agus chuaidh sé isteach i dteach agus d'iarr sé lóistín na h-oidhche.

    Bhí fear ag gabhail thart aon uair amháin ag díol éadaigh. Oidhche amháin bhí sé ag gabhail thart go mall agus chuaidh sé isteach i dteach agus d'iarr sé lóistín na h-oidhche. Bhí fear agus bean ins an teach agus dubhairt an bhean go bhfuigeadh agus fáilte.
    Shuidh siad thart ag cómhradh go dtí go rabh am luighe ann agus annsin thug an bhean a shuipéar do’n duine uasal seo, giota beag do arán mine agus braon beag bainne, agus d’iarr sí air a dhul a luighe ins an leabaidh bhig a bhí chois na teineadh.
    Chuaidh an fear uasal a luighe mar h-iarradh air i leabaidh na clúdaighe ach nuair a bh’fhada leis an bheirt eile fanacht na suidhe leig sé air fhéin go rabh sé ina chodladh. Nuair a chuaidh an fear uasal a chodladh thoisigh an bhean a dheánamh tuirtín mine buidhe fa na gcoinne fhéin.
    Nuair a bhí siad déanta aicí d’fhág sí ina luighe ar na h-aibhleógaí iad agus chuir sí cupla fód mónadh le na dtaoibh le h-eagla go bhfeiceadh an fear uasal na tuirtíní.
    Nuair a bhí na tuirtíní chomhair a bheith bruaithte goidé a rinne an fear uasal ach musgladh agus thionntuigh sé aniar ins an leabaidh. “Tcídh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Sorcha Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal