School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 304
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear i gCrathoigh fada o shoin agus ní raibh aige ach cú mór bán. Oidhche amháin chuaidh sé a luighe ar shráideoig chochain abhí ar an urlár.”
(continued from previous page)agus d’iarr sé ar a chú gan duine ar bith a leigint isteach ‘un toighe.
I lár na h-oidhce tháinic bean isteach a raibh claidheamh agus slegh léithe. Thug an cú léim uirthí agus reath sí amach ar an doras. Mhusgail an fear agus chuir sé air a cheirteach. Chuaidh sé fhad leis an doras agus bhí an bhean ar toiseach agus an cú ina diaidh ag imtheacht as amharc. D’imthigh an fear ina ndiaidh.
Ní raibh siad le feiceáil aige ar chor ar bith go dtí go dtáinic sé fhad le bruach na fairrge síos ar na h-Acarai; is annsin a chonnaic sé a chú mór ban marbh; í sínte ar an talamh agus an bhean ina luighe marbh ag n-a taoibh. Bhí a fhios aige gurb í an bhean chéadhna a chonnaic sé san aisling a bhí ann.
Brighid Ní Dhubhgáin, Cró Bheithe, Clochán Liath a scríobh
Sgéalaidhe: Domhnall Ó Domhnaill, Tullaigh Clochán LiathScéal
“Bhí fear i gCroich-shlíghe am amháin agus sé an t-ainm a bhí air Paddy Anna. Bhíodh dúil mhór aige i n-imirt chárdaí agus oidhche amháin bhí sé ag imirt chárdaí go dtí go raibh sé an dó a chlog ar maidin.”
Bhí fear i gCroich-shlíghe am amháin agus sé an t-ainm a bhí air Paddy Anna. Bhíodh dúil mhór aige i n-imirt chárdaí agus oidhche amháin bhí sé ag imirt chárdaí go dtí go raibh sé an dó a chlog ar maidin. Dia Domhnaigh a bhí ann lá thar na bhárach, agus ar maidin chuaidh sé 'un Aifrinn. Tháinic codhladh air i dteach(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal