School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 293
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí sin ann agus is fadó bhí, bhí bean ann aon uair amháin agus ba ghnáthach léithe a bheith ag deanamh póitín. Mar ba ghnáthach léithe a bheith thuas ins an t-seomra bhí sí i bhfus ins an chisteanaighe lá amháin, agus tháinic péas isteach.

    (continued from previous page)
    Dubhairt an gasúr gur chuir sé fhéin agus a mhathair é. d'imthigh an péus ón ghasúr annsin agus tháinig an gasúr isteach chuig na mháthair agus dubhairt sé léithe gur innis seisean do’n phéus gur chuir siad an péus eile an lá roimhe sin. Goidé atá déanta againn ars’n mhathair, agus dubhairt sí go gcaithfeadh siad an péus a thógail amach agus gabhar a chu isteach ina áit.
    Thóg siad amach an péus agus chuir siad gabhar isteach ina áit. Agus an dara lá tháinig péus amach agus d’iarr sé ar an ghasúr an áit a thaisbeáint dó agus thaisbeáin, agus goidé bhí ann ach gabhar. “Amadáin,” ars ‘an péus, “nach bhfeiceann tú gur sin gabhar!”
    Sgéalaidhe: Sorcha Ní Dhomhnaill, Airdmhín, Clochán Liath.
    Scríbhneoir: Brígid Ní Domhnaill, Airdmhín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Ní rabh aca ach bó amháin ach ní rabh airgead ar bith aca.

    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Ní rabh aca ach bó amháin ach ní rabh airgead ar bith aca.
    Ba ghnáthach leo an bhó a leigean amach go luath gach maidin. Bhí sí amuigh oidhche amháin agus ní rabh an fear ábalta a fhághail. Ar dhóigh éiginteacht bhí a intinn ag innse do go dteachaidh sí i bpoll agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Ní Chinnéide
    Gender
    Female
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal