School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 40
- XML “An Gasúr Cliste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)" Cá bhfuil d'áthair"? ars an sagart.
" Tá sé amuigh a'seilg" arsan gasúr, agus an méid a mharbhuigheann sé fágfaidh sé 'na dhiaidh é agus an méid nach marbhuigheann bheirfidh sé leis iad.
" Cá bhfuil do mháthair"? arsan sagart.
" Chuaidh mó mháthair siar go Machaire Laisge fá choinne braon de bhainne bhlasta a chuirfeas muid ar an tae"
" Tcím", ars an sagart.
" An bhfuil fhios agat do chuid teagasc Críostaidhe"?
" Tá a fhios agam", ars' an gasúr
" Cá mhéid Dia ann"?
" Dia amháin" arsa an gasúr
" Cá bhfuil Dia"? ar seisean annsin.
" Tá sé ann gach áit", arsa'n gasúr.
"An bhfuil sé in mó phóca"? arsa'n sagart.
" Tá" arsa'n gasúr.
Seo ceist eile agam ort.
" An bhfuil Dia i dteach na mbocht"?
" Ó, níl sé comh bocht sin" ars'an gasúr.
" Bhal, bhal," ars'an sagart Tá tú ró chliste agam.
" Fan thusa anois" ars'an gasúr " go gcuiridh mise cupla ceist ort-sa",
Leag sé a lámh ar a thaoibh agus ar seisean
" An bhfuil Dia in mo phóca-sa",?
" Tá ", ars'an sagart.(continues on next page)