School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 43

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 43

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 43
  3. XML “Naomh Pádraig agus Oisín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Annsin thug Oisín isteach do'n bhaisteadh. Bhaiste Pádraic e agus bhí coinnleóir ag Pádraic. Sháithfeadh sé an coinnleóir síos sa talamh nuair a bhéadh sé a dul a bhaisteadh na ndaoine. Cá háit ar sháith se an (croisín) an coinnleóir acht síos fríd chois Oisín. Chár labhair Oisín ariamh go raibh se baistighthe. Nuair bhí Pádraic a'tarraingt an choinnleóra aníos as cois Oisín chonnaic sé gur i gcois Oisín a bhí sé. Nuair a chonnaic Pádraic go raibh sé comh seasmhach dó'n bhaisteadh agus gur fhulaing sé an coinnleóir síos i na chois, dubhairt sé go dtabharfeadh sé amharc na súl dó agus go dtaisbeanfadh sé ifreann dó, agus a chuid daoine muinnteardha thíos ann.
    Thaisbean. Bhí súistí iarainn aca agus iad a'greadadh na ndiabhal ó cheann amháin de'n teach go dtí an ceann eile. " Goidé do bharamhail díobhtha arsa Pádraic le h-Oisín"?
    " Is cliste leo féin é" deor Oisín Dá maireadh Aodh beag Mac Fhinne no na seacht gcatha a bhí san Fhéinn, thiocfadh siad amach as, sin nó bhéadh an teach aca féin"
    Dubhairt Pádraic annsin le hOisín.
    " Athchuinge ar bith a iarrfas tú gheobhaidh tú í."
    Ba mhaith le Pádraic é athchuinge a dhiarraigh díobhtha-iad fághail amach. 'Sí an athchuinge a d'iarr Oisín gan an ceangal a bhí i súiste
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
        2. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Ní Fhioruisghe
    Gender
    Female
    Informant
    Méadbh Nic Fionnlaoich
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female
    Address
    Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal