School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 30

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 30

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 30
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear an am amháin agus bhí a bhean ag fagháil bhais. Chruinnigh na daoine muinteardha isteach agus nuair a fuair an bhean bás bhí siad na suidhe thart ag comhradh.

    (continued from previous page)
    nuair a cualaidh sé an rud a dubhairt an bhean dubhairt sé “Nuair a bhéidheas sí an fhad Aige as bhí sí agams a béidh Sé tuirseach go leór dithe”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí Maghnus Ó Maoileagan agus a mhathair na gcomhnaidhe ar an Mhín Mhóir. Ag bun bhaile Mhaghnus bhí braoighean daoine beaga agus achán oidhche Shamhna ba gnathach lé Maghnus dul na braoighne agus bhíodh oidhche mhór aige leis na daoine beaga.

    Bhí maghnus ó maóileagan agus a mhathair na gcomhnaidhe ar an Mhín Mhór. Ag bun bhaile Mhaghnus bhí bradighean daoine beaga agus achán oidhche Shamhna ba gnathach Maghnus dul na braoighne agus bhíodh oidhche mhór aige leis na daoine beaga. Oidhche Shamhna amháin d’iarr sé ar a mháthair braon tae a dhéanamh de nó go rabh sé ag dul na braoighne. Dubhairt a bhean leis go rabh sé ar fad ag dul annsin agus gur bheag a bhí aige a son. Ar sgor-ar-bith fuair sé an tae. D’imthigh sé na braoighne Ag dul annsin do bhí na daoine beaga ag imtheacht a marcuigheacht. Diarr siad ar Maghnus dul leobhtha a dubhairt sé nach rabh beathach ar bith aige. “Ní bhéidh mise i bhfad ag faghail bheithig duit” assa duine acu. Rug sé ar bufallan buidhe agus rinne beathach bréagh do Maghnus. D’imthigh siad leobhtha ag marcuigheacht ‘san aer. I gcionn tamall chonnaic Maghnus baile mór faoi. D’fiafruigh sé do a [comradh]? duidhe cáide’n baile mór é sin. Dubhairt sé gurb é sin an Fhraince. “Chualaidh mé iomradh go minic ar leathar na Fhraince nar bhreágh an rud adhbhar péire buateisí nuair atá mé annseo ach níl airgead ar agam” arsa Maghnus. Thug a comraduidhe cloch bheag do agus dubhairt sé leis muna bhfaghadh sé an rud a bhí de dhith air an cloch an cloch aca”
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní hEarlaigh
    Gender
    Female
    Address
    Ard an Chrainn, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó hEarlaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Ard an Chrainn, Co. Donegal