School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sraith Mhór
- XML Page 15
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí gasúr acú. Fuair an fear bás. Lá na beirt indiadh seo bhí aonach ins an bhaile seo.”
(continued from previous page)siadsan nach bhfuair siad airgead ar bith. D'imthigh siad leis an fear a cheannuigh siad an coinín uadh le na marbhadh ach bhí poll deánta aige san urlár. Nuair a tháinig siad isteach thuit siad isteach sa pholl abhí deánta aige. Dhruid seisean an pholl agus ní rabh a fhios ag duine ar bith ca rabh na fir. Bhí neart airgead aige annsin agus thiocfadh leis comhnuidhe go maith ó sin amach.Scéal
“Fáthach abhí ann shíl sé nach mbéadh duine ar bith ábalta aige. Bhí sé ag siubhal cois na fairrge lá agus chonnaic sé rud ag teacht anall thar na fairrge mar bheadh coilleadh ann.”
Sgéal
Fáthach abhí ann shíl sé nach mbéadh duine ar bith ábalta aige. Bhí sé ag siubhal cois na fairrge lá agus chonnaic sé rud ag teacht anall thar na fairrge mar bheadh coilleadh ann Caidé abhí ann ach fátach mór eile agus bollán leis a ghoid sé. Bhí dhá adharc ar an bolláin achán ceann acú cómh mór le teach. D'fiafruigh an fáthach do ca bhfuair sé an bollán. Dubhairt sé go rabh sé fhéin agus fáthach mór eile a choimhead le deich mbliadhna ag iarraidh é a ghoid. An fáthach a tháinig análl, dubhairt sé nár chodhluigh sé néal le deich mbliadhna agus go gcaithfeadh sé codhladh anois Rann sé an bolath le Fionn. D'iarr(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Address
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal
- Informant
- Seosamh Mac Ghiolla Chearra
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal