School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 13

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 13

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 13
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí gasúr acú. Fuair an fear bás. Lá na beirt indiadh seo bhí aonach ins an bhaile seo.

    Sgéal
    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí gasúr acu. Fuair an fear bás. Lá na beirt indiadh seo bhí aonach ins an bhaile seo. Bhí dhá bhoin ag an mhnaoí seo. Chuir sí an gasúr 'an aonach le ceann aca. D'iarr sí air gan an chead luach no an dara luath a ghlacadh. Rinne sí amach go mbéadh an luach ag éirigh níos mó ar fad. Bhí sé ag fághail luach maith uirthí an chead uair. Bhí an dara luach go measardha ach ní rabh an treas luach ach go h-iongantach olc ar fad. Bhí trí toighe leanna ar an bhaile mhór. Rann sé a chuid airgead ar na trí toighe. Annsin tháinig sé arais agus sgaifte daoine leis agus thug sé deoch dóbhtha uilig. Annsin thóg sé a hata. Rinne siadsan amach gurab é an hata a fuair an deoch dóbhtha agus rinne sé a rud ceadhna ins na toighthe eile. Níor imthigh siad amach as an teach dheireannach gur cheannuigh siad an hata. Thug siad trí chéad phunta dó ar an hata. D'imthigh sé leis 'na bhaile agus é bhreágh sásta. An dara aonach abhí ar an bhaile seo thug na fir an hata leóbhtha. Thug siada lán daoine leóbhtha isteach ins an teach leanna seo. Nuair a fuair siad uilig deoch, thóg duine dós na fearaibh an hata ach dubhairt an fear an t-siopa nach rabh maith ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1359: The Husband Outwits Adulteress and Paramour
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Informant
    Séamus Mac Mongail
    Gender
    Male