School: Garán (roll number 11721)

Location:
Garraun, Co. Galway
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0016
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fiadhána bheith ag eitilt andheas. Is an-mhaith an comhartha an grian a fheiceál ag dul faoi go h-an dhearg.
    Nuair a bhíonn na h-éanlaith ag teacht isteach ó'n fhairrge bíonn báisteach ann. Nuair a thagann na géadhanna fiadhána go dtí an tír seo go luath sin comhartha go mbeidh sioc agus sneachta ann. Má bhíonn na faiolleáin ag teacht ó'n fhairrge sin comhartha go bhfuil stoirm ag teacht. Nuair a bhíonn fáinne timcheall ar an ghealaigh bíonn an aimsir go dona.
    Ná creid Fionn a's ná creid Fiach;
    A's ná creid briathra móra:
    Má's moch, mall éireódhas an ghrian
    Is mar is toil le Dia bhéas an lá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí a lán daoine cáileamhla san áit seo fadó. Bhí duine cáileamhail san áit seo agus Oidhche ab' ainm dó. Fear an léigheannta a bhí ann. Do bhí gadhar maith dílis aige agus théigheadh an ghadhar amach ag siubhal leis i gcomhnuidhe. Tráthnóna amháin nuair a bhíodar amuigh ag siubhal (agus) shíl Oidhche go mba mhaith leis dul amach ag snámh. Nuair a bhí sé amuigh agus i bhfad ó'n dtráig thárla rud éigin dó agus báitheadh é. Nuair nár tháinic sé isteach arís d'imthigh an gadhar amach agus ní fuair sé a
    mháigistir acht mar sin féin ní raibh fonn air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish