School: Garán (roll number 11721)

Location:
Garraun, Co. Galway
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0072
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl acht aon cheardcha amháin san cheanntar seo. Sé an gabha gur leis é ná Tomás ó Maidín. Bhí a athair i n-a gabhainn roimhe. Tá an cheardcha suidhte i gCill Cháimín i n-aice na fairrge. Tá ceann (ádhaid) ádhmaid ar an gceardchain agus tá tarra curtha ar an adhmad. Tá dhá fhuinneóig ins an gceardchain. Tá cuma donuilleógachar an doras agus tá dath dubh air. Déanann an gabha rudaí as iarann. Cuireann sé an t-iarann ins an teinidh. Séideann sé an teine leis na builg. Nuair a bhíonn an t-iarann dearg beireann sé greim air le teanchair. Cuireann sé an t-iarann ar an innóin agus tosuigheann sé 'gá bhualadh leis an órd. Bíonn sé ghá búladh leis an órd go mbíonn an cuma ceart ar an iarann. Cuireann an gabha cruidhte fé chapallaibh. Tógann sé crúb an capaill idir a dhá ghlúin gearrann sé í agus cuireann sé an cruidh te anuas uirrí. Annsin buaileann sé na tairngí isteach le casúr. Ní ghortuigheann sé crúibh an chapall mar ní cuireann sé aon tairnge i mbeo na coise. Siad na h-úrlisí a bhíonn ag an ngabhainn i mbun
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish