School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0079
- XML “An Gabha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé Tomás Ó Maidín an t-ainm atá ar an ghabhainn atá 'san ceanntar seo. Tá sé in a chomhnuidhe 'san Traen Lár. Tá ceardcha aige agus bíonn sé ag obair 'san ceardchain gach lá. Tá iomar ins an ceardchain agus tá an iomar déanta de chloich. Tá casúr mór agus casúr beag ag an ghabhainn. Cuireann an gabha cruidhte ar chapallaibh. Déanann an gabha na cruidhte a chuireann sé ar na capallaibh as iarann. Déanann an gabha a lán rudaí as iarann. Cuireann sé an t-iarann ins an teine. Séideann sé an teine leis na mbolg. Nuar a bhíonn an
t-iarann dearg beireann sé greim air le pinsúir . Leagann sé ar an inneoin é agus tosuigheann sé 'ghá bhualadh leis an casúr mhór le cibé cruth is mian leis a chur air. Annsin tógann sé crúbh an chapaill idir a dhá ghlúin agus gearrann sé é. Leagann sé an t-iarann anuas ar an crúb agus buileann sé táirgne suas tríd an crudh. Tá an ceardcha cosamhail le teach. Ta tuighe mar(continues on next page)