School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0023
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair do bhí na pian dlíghthe ar bun i n-Éireann do cuireadh séipeál fré theine i mBaile na Cúirte agus dóigheadh é acht tá na fothracha le feiceál go fóill. Dubharthas an t-Aifreann i n-áit áirighthe fé'n spéir agus tá an t-áltóir le feiceál go fóill agus tá sé déanta de chloich. Tá sé i Mbaile na Cúirte. Níor sgéitheadh ar an sagart a bhíodh ag léigheamh an t-Aifreann ariamh agus dubhairt an sagart nach sgéithfí ar aon duine san gcomhursanacht sin go deó. Bhí cúig phúnt ar chloigeann sagairt acht níor éirigh le na Sasanaigh aon sagart a fhághail mar ní innseóchadh na daoine dóibh cá raibh na sagairt. (a fhágáil). Ní léigheadh na sagairt an t-Aifreann ins na tighthe an uair sin acht do léighidís é i n-áit uaigneach i bhfad ós na tighthe. Bhí na Sasanaigh ar thóir na sagart go minic acht níor éirigh leo ariamh ceann aca a fhágháil mar bhí na daoine dílis so na sagairt agus níor scéith siad ariamh ortha. Bhíodh na sagairt i bhfolach i mBarr an Áird i dTamhain. Bhí teach beag speiseálta le h-aghaidh an Aifrinn i mBaile na Cloiche agus do théigheadh na daoine chuig an Aifreann ann.