School: Garán (roll number 11721)

Location:
Garraun, Co. Galway
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0029
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Glaodhann a lán tinncéaraí go dtí an áit seo go minic. Bíonn rudaí le díol ag cuid aca acht ní bhíonn rud ar bith ag cuid eile aca. , Pictiúirí, buicéadaí agus bioráin is mó a bhíos aca. Is ag iarraidh déirce a bhíos an chuid is mó aca. Téigheann siad thart timcheall na h-áite i na dreamanna agus bhíonn asail agus cairt ag cuid aca. Ní cheannuigheann na daoine ó'n áit seo mórán ó na daoine sin. Bíonn cuid aca i ndon deis do chur ar channaibh. Déanann siad tighthe dóibh féin ar thaobh an bhóthair. Comhnuigheann cuid aca i dtighthibh na ndaoine. Bíonn cuid aca indon amhráin do ghabháil do na ndaoine. Iarann siad tae agus rud éigin le n-ithe ar na daoine. Ní h-é an dream céadna a ghlaodhann i gcomhnuidhe. Do bhíodh cuid eile aca ag díol cupán agus fó-chupáin. (agus)Tá daoine ag dul thart anois agus bhíonn siad ag díol éadach. Bíonn málaí déanta de leathar aca. Bíonn cuid aca ag siubhal agus bíonn rothair ag cuid eile dhíobh.Nuair a thagann na fir isteach iarrann siad de na daoine an bhfuil éadach nó bróga ag teastáil uatha. Uaireannta freisin tagann daoine thart timcheall na h-áite seo ag díol capall, asal, agus ainmhidhthe eile mar sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish