School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0021
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)scoileanna sin ar chor ar bith. Níor dhubhairt aon duine rud ar bith i n-aghaidh na Scoileanna Náisiúnta acht an t-Árd easbog Seán Mhic h-Éil i dTuaim. Ní leigheadh seisean ceann aca isteach in a dhíoses. Bhí múinteoir eile ag dul thart ó theach go teach ag múineadh na páistí darbh' ainm dhó Seán Ó Catháin. Ní raibh an méid cáil air agus a bhí ar Mícheál Ó Donnchadh. Do bhí an Ghaedhilg go maith aige acht ní raibh sé chómh cliste le Mícheál Ó Donnchadh. Ní raibh mórán sgoileanna eile san áit seo.
- Do bhí a lán cheardanna dá chleachtughadh ag na daoine thart fá'n dúthaigh seo i bhfaid ó shoin. Bhíodh cuid aca in a súinéirí, cuid aca i na ghréasaidhthe agus cuid eile aca in a ghaibhne. Do bhí gabha in a chomhnuidhe i gCill Cháimín. Bhí ceardcha aige ann agus bhíod sé ag obair istigh ann. Fear mhór do bhí ann agus bhí sé go h-an láidir. Bhí inneónn, casúr táirngí agus iarann aige sa ceardcha. Biodh sé ag cur crúidhthe faoi chapall agus ag cur deis ar chéachtaí agus ar gheataí. Bhí fear eile in n-a ghréasaidhe i mBaile na Cúirte. Séamus de Búrca ab' ainm dhó. 'Sé an obair a bhí aige ná bheith ag déanamh bróg agus ag cur deis ar sean(continues on next page)