School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0017
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teacht isteach. D'fhan sé amuigh ag snámh agus báitheadh é freisin. Nuair nár tháinig Oidhche abhaile tosuigh na daoine 'gá cuartughadh acht ní fuair siad é. Cúpla lá in a dhiadh sin friothadh a chorp.
- D' fhulaing go leor daoine cruadhtan thart faoi'n duthaigh seo san am fadó. Cuireadh séipeál fré theine i mBaile na Cúirte i n-am Cromail. Tá na fotharacha le feiceál go fóill. Mharbhuigh na Sasanaigh fear i bPáirc na gCoinnleach agus cuireadar piléar igcois duine eile agus tá sé i na bheathadh go fóill acht tá sé bacach. Chuir na Sasanaigh teach na cúirte i mBaile na Cúirte fré theine freisin. Do báitheadh fear as an parróiste seo darbh ainm dhó Oidhche agus tugtar Poll Oidhche ar an áit i n-ar báitheadh é. Lá amháin nuair a bhí sé amuigh ag snámh báithead é agus nuair a chuireadh a ghadhar níor fhás acht féar glas san áit. Is féidir an áit i n-ar cuireadh an ghadhar a fheiceál go soléir go fóill mar tá an féar go h-an ghlas ann. Chonnaic mé an áit i n-ar cuireadh an gadhar go minic. Aon uair amháin do briseadh bád taobh amuigh de Tamhain. Cailleadh agus do báitheadh gac duine a bhí uirthi. Briseadh long taobh amuigh de Tamhain uair eile freisin agus chuaidh Muinntir Tamhain amach agus bhíodar 'ghá réabadh agus ar deire chuaidh spíce i súil duine aca agus tá sé i -na(continues on next page)