School: Garán (roll number 11721)

Location:
Garraun, Co. Galway
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0031
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San mbliadhain míle ocht gcéad ceathracha agus a cuig do tháinig an "dubh" ar na fataí. D'fhág sin ocras ar na daoine acht ní raibh sé ró-dhona mar níor loiteadh an barra go léir. Shíl na daoine annsin go mbeadh na barraí níos fearr an bhliadhain i na dhiaidh sin acht do mheath na barraí go léir ortha agus ní raibh 'na gcomhair annsin acht an ghorta. Bhíodh siad ag fágháil bháis ar thaobh an bhóthair agus tháinic galar ortha freisin. Ní raibh rud ar bith le n-ithe aca acht féar agus neanntóga. Ní cuirtí na daoine a bhi caillte chor ar bith mar ní raibh na daoine sáthac láidir chun iad do chur. Chuaidh a lán daoine go h-Ameiriocá acht cailleadh a lán aca agus do caitheadh isteach san bfairrge iad. Chuaidh a lán daoine go dtí Tighthe na mBocht acht ní raibh áit doibh go léir ionnta. An bhliadhain i n-a dhiaidh sin bhí feabhas mór ar na barraí agus bhí biadh go flúirseach aca agus ní bhfuair mórán daoine bás de'n ocras. I mbliadhain an ghorta d'fhás an chruithneacht go maith acht b'éigin do na daoine an chruithneacht do dhíol agus an t-airgead a thabhairt do'n tighearna talmhan agus ní raibh aon chruithneacht fágtha aca le n-ithe. Muna mbeadh an t-airgead aca le tabhairt do'n tighearna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish