School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0015
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cia aca an ghé ghlas nó an ghé bhán an gandal.
Nil ceann ar bith aca. - Nuair a chídhtear an sughaidh ag tuitim deirtear gur comhartha báistighe é. Nuair a thosnuigheann sé ag cur báistighe roimh a seacht stadann sé roimh a h-aon déag. Nuair is féidir le na daoine na sléibhte atá an fada uatha a fheiscint go soiléir béidh sé ag cur báistighe i gceann uaire nó mar sin. Ní comhartha maith bogha leac a fheiceál ar maidin acht is maith an comhartha bogha leac a fheiceál um thráthnóna. Is comhartha báistighe an sughaidh a bheith ag tuitim. Nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh ón deisceart bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn na h-éanlaith ag eitealt go h-árd deirtear gur comhartha maith é acht is comhartha báistighe é iad a bheith ag eitealt go h-an gar do'n talamh. Is comhartha báistigh dath uaithne a fheiceál ar an ngríosach. Nuair a bhíonn an chat in a shuighe cois na teine is comhartha é go bhfuil droch aimsir ag teacht. Má bhíonn na crotaigh ag sgreadaghail um tháthnóna, beidh stoirm mór ann lá'r na mhárach. Nuair a chídhtear an sughaidh ag tuitim deirtear gur comhartha báistighe é. Má bhíonn dath gorm san teine deirtear gur comhartha báistighe é sin freisin. Is comhartha báistighe freisin na sléibhte fheiceál go h-an ghar dhuit. Is an - mhaith an ghrian a fheiceál ag dhul faoi go h-an dearg. Nuair a bhíonn an gealach agus na réalta le feiceál go soiléar ar an spéir bíonn sioc ar an aimsir. Ní maith an comhartha na géadhanna(continues on next page)