School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0026
- XML “Leigheasanna”
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)áit bheadh an tinneas fiacla imthigthe ar mhaidin lá ar na mhárach. Tá teanga sionnaigh go maith chun dealg do tharraingt amach. Leighis eile le tinneas fiacla is eadh méar duine caillte a chuimilt do'n fhiacail tinn agus ní bfuigheadh an duine a dhéanfadh sin tinneas fiacla go lá a bháis. Leighis le h-aghaidh na fáirtíní is eadh má thagann duine ar uisge i gcarraig agus gan a bheith ar a thóir agus an fháirt a chur isteach san uisge agus a rádh le linn a chur san uisge "Ní ar do thóir atá mé acht le congnamh Mhic Dé go leighiseóchadh tú mé. Ta cloch i mBaile na Cloiche agus tá clais san cloic agus bíonn uisge ann de shíor. Fadó nuair do bhíodh fáirtíní ar na daoine do théighidís go dtí an áit agus do leighiseadh an t-uisge na fáirtíní dhoib. Leighis mhaith le h-aghaidh pian i gcluais duine ná olann caorach ndubh do chur leis an gcluais tinn. Leighis le h-aghaidh bolg dé is eadh braon de bhainne chapaill.
- Bhíodh go leor bréagán ag na daoine san áit seo fadó. Bhíodh na cailíní óga ag déanamh slabhraí agus coróinneacha de nóiníní agus bláthanna eile measctha tríotha. Ghníodh siad báid bheaga agus chuireadh siad amach ar an fhairrge iad agus bhíodh(continues on next page)