School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'innis sé dhóibh sin céard a bhí sé a thóireacht. D'imthigh sé leis annsin go dtáinig sé go dtí teach a raibh an báisteach anuas igcomhmuidhe ann. Bhí sé ag imteacht as sin, dúbhairt na gréasaigheacaí, leis innseacht dhóibh féin nuair a bhéadh sé ag teacht air ais cén fáth nach raibh siad ag coingbhéal a mbeatha. Nuair a tháinig sé isteach san teach a raibh an bháisteach anuas i gcomhnaidhe ann, d'innis sé dóibh céard a bhí uaidh. Ní raibh sé ag gágail aon fhíos ó áoinne aca. Dubhairt dream an tighe sin leis, dhá bhfuigear sé aon fhíos innseacht dhóibh déin cén fáth a (fa) raibh an báisteach anuas i gcomhnaidhe ann. Bhí sé ag imteacht leis go dtáinig sé go dtí loch. Connaic sé óilean isthigh ar an loch. Cá bhfíos dom dhá dtighinn isteach ar an óiléan seo nach ann a geobhfainn an fíos. Chuaidh sé isteach ar an óiléan, agus bhí teach ar(continues on next page)
- Informant
- Beartla Ó Súilleabháin
- Gender
- Male