School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lánamha fadó ann, is minic a bhí, tá fós agus beidh go deó, agus bhíodar ag caitheamh tamaill dá saoghal i bhfocair a chéile go compórdach ach nár tháinig aon duine de mhuirir ortha. Chuireadar a gcómhairle i dteannta a chéile feuchaint cad a dhéanfaidis chun go mbeadh aoinne amháin muirir ortha.
Do chuimhnigheadar gur mhaith an rud dul go dtí an seann draoí mar bhíodh seann draoí an uair sin ag aoinne go mbíodh aon chrích in aonchor air.
Chuadar go dtí an seann draoí agus d'iarradar air cad do b'fearra dhóibh a dhéanamh. Do mhachtnuig an seann draoí agus dubhairt sé "Sé mo chómhairle-se dhuit dul abhaile, agus gairm scoile a chur amach ar na boicht go léir timcheall ort agus dinnéar breágh slachtmhar a thabhairt dóibh agus gan aon nídh d'iarraidh ortha ach amháin a nguidhe a chur chun Dé(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Address
- Cathair Bó Sine, Co. Kerry