School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 498

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 498

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 498
  3. XML “Scéal Púcaí”
  4. XML “An Feirmeoir agus an Cailín Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    timcheall agus dúbhairt sé leis an bfear dul isteach. Tháinig an spridh ar nós splanch soluis. Do bhí an sagharth ag léigheamh uirthí agus fé dheire d'imthigh sé leis an bhfuadhar chéadhna a bhí fhúithe ag teacht. Dúbhairt an sagharth annsan leis an bhfear dul abhaile agus nár baoghal do í súd go deó aríst.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí feirmeóir ann fadó agus bhí féar dachad bó aige. Ní raibh aon muirear air agus do bhí buachaill agus cailín aimsire aige. Bhí easpaidh airgid ar lá, mar theastuig uaid an cailín aimsire agus an buachaill do dhíol. Dúbhairt sé leis an mbhuachaill aimsire go gcaitheadh se dul go dtí bannc i dTráighlí san áit i na raibh an t-airgead aige.
    Dúbhairt sé leis capall óg do bhí sa stábla aige do thabhairt leis, agus gan aon mhoill do dheanamh dá bhfeadfhad sé é. Dúbhairt sé leis an capall do chuir isteach i stábla agus coirce do thabhairt lé nithe dhó agus dínnear do bheirh aige féin leis mar go raibh an bóthar fada. Dúbhairt an máighistir leis aire mhaith do thabhairt do féin nuair do bheadh sé ag filleadh abhaile mar go mbheadh na "buachaillí bána" na choinnibh agus go robálfhádis é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó h-Ualacháin
    Address
    Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
    Informant
    Siobhán
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    75