School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 482

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 482

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 482
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt fhear thiar i nDúnchaoin fadó agus bhíodar ana bhocht. Aon lá amháin dubhairadar leó féin go raghaidís ag tuilleamh a bpáigh dóibh féin, agus d'iarradar ar bean an tíghe lón bóthair a dhéanamh dóibh. Is sé an lón a fuaireadar ná císte buidhe agus bainne géar. D'imthígeadar ortha tríd an gClasach síos agus mar sindóibh no go shroiseadar Tráighlí agus stadar ar thaobh ar na sráide ag fuireach no go dtiochfadh duine éigin chúcha.
    Ba ghéarr go bhfeacadar fear agus capall iallaite aige agus d'fiafhruig sé dhóibh an raibh an raibh aon obair fachta aca. Dubharadar leis ná raibh. Annsan dubhairt sé leó dul inaonfhacht leis féin agus a raibh de coirce agus de chruithneacht aige a bhaint do. D'imthígeadar inaonfhacht leis agus baineadar an coirce agus an cruithneacht . Is é an biadh a fuaireadar uaidh ná picil bhainne agus prátaí. Is é an págh lac a fuaireadar ná scilling. Nuair a bhí an coirce agus an cruithneacht go léir bainte don bhfear san chuadar go dtí fear eile, agus bhaineadar an rud ceadhna do agus mar sin do. Nuair a bhí a ndóthain airgid aca. Dubhradar go raghaidís abhaile. Nuair a bhíodar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seamas De Hóra
    Gender
    Male
    Address
    Baile an tSléibhe, Co. Kerry