School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 478

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 478

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 478
  3. XML “Siolóigín Fáthana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí seanduine thiar i bhFáhan fadó agus bhí ádhbhairín beag talmhan aige ach thuit sé chun bochtanas. Caitheadh amach as a chuid talmhan é agus caith sé bothán a thógaint, shuas i mbun an chnuic. Ní raibh aige ach aon inghean amháín, agus bhíodh sí ag baint sguaibe ar an gcnoc agus ágh ndíol sa Daingean. Thugadh sí léi abhaile arán bán agus is air a mhairidís. Lá agus í ag teacht abhaile taréis na sguaibe a dhíol, bhuail fear uasal léi ar an mbóhar agus cóíste aige. Do thóg sé isteach sa chóíste agus thug leis abhaile í agus phós í. D'fhág san an t'athair agus an máthair bocht dealbh. Fear mhór margaidh, a bhí sa fear a phós sí, agus ní raibh aon lá ná go dtéigheadh sé ar an aonach. An féirín is breághtha a fuair sé ar an aonach, thug sé leis é agus chuir sé aniar ar a gualání é agus dúbhairt lé na mhúirnín is dian stóraigh "An bfeacaís a leithéid id dhúthaigh féín riamh. "Mo chreach fada" ar sise is fuiris a aithint ná rabhais thíár, is go bhfuil dhá réag saighdiúirí ag gárdáil cúirt m'athar. Dúbhairt sé an chainnt so dhá uair. Cuaidh sé ar an aonach an tríómhadh lá agus cheannuigh an féirín ba breághtha a bhí ann. D'imhthigh sé air agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Póilín Ní Seaghda
    Gender
    Female
    Address
    Cill Ura Thoir, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Mainín
    Gender
    Male
    Address
    Cill Ura Thoir, Co. Kerry