School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 402

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 402

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 402
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici.

    Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici. Luig Dia a lámh ar a fear nuair a bhíodar an óg agus bhí an bhean bhocht cráidhthe ag an saogal.
    Bhí feirm mhór talman aici, agus alán bó ach n' fhéadfadh sí aon ím a dhéanamh as an mbainne, dá mbeadh sí ag gabhail air go deó. Bhí gach nídh tastáltha aici ach níorbh aon mhaith dhi é. Bhí sí ag dul i ndealbhas gach lá agus sa deire is an éigean a bhí sí ábalta ar an dthig a choiméad.
    Tráthnóna lae Shain Sheáin tháinig seana bhean, críonna, caithte, isteach chúicí agus gearrchaile beag in éinfeacht léi. D'iarr sí deoch ar mhnaoi an tíghe, agus thug bean a' tighe muga bainne geir di. Do bhlais sí an bainne agus dúbhairt "níleann tu ag déanamh ime do'n mbainne seo, a bhean bhoicht." Dúbhairt bean an tíghe léi ná raibh, mar ná féadfadh sí é dhéanamh lé ceithre bliadhna anuas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubháin
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Baile Beag, Co. Kerry