School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 510

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 510

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 510
  3. XML “An Tarbh Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean agus fear ann fadó. Bhí triúr inghean aca. Bhíodar an-bhocht, agus ní raibh aon rud lé n-ithe aca, ach bhí stáca beag coirce aca agus as an gcoirce do dheinidís císte. Aon lá amháin do tháinig tarbh go dtí an stáca agus do thosnaigh sé ag iththe an coirce. Dúbhairt ceann des na cailíní go raghfadh sí féin amach agus go gcuirfeadh sí as an ngairdín é. Do chuaidh sí amach, agus nuair a chonnaic an tarbh chuige í do thóg sé ar a dhá adhairc í agus do thug sé go dtí na thigh féin í. Dúbhairt sé léith ciaca a b'fheárr léithe é féin a bheith na tarbh is ló nó in fhear is t-oidhche. Dúbhairt sí leis go mb'fhearr léithe é féin a bheith ina tharbh is ló is na fhear is t-oidhche. D'imigh sé leis go dtí an Domhan Toir agus do thug sé cead di dul isteach ins gach aon seómra ach amháin seómra áirighthe. Do chuaidh sí isteach san t-sheómra san agus bhí daoine marbh istigh ann. Do chuir an fhuil ar a cosa agus annsan do bhí sí ag iarraidh í dó ghlanadh ach ní fhéadfaidh sí é. Do chuir sí uirthe a bróga. Do bhí cat sa tig do bhíodh sé ana mhalluighthe leis. Do tháinig an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Chatháin
    Gender
    Female
    Informant
    Eiblin Nic Gearailt
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Baile an tSléibhe, Co. Kerry