School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 436
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé na chómhnuidhe i dtigh beag leis féin.”
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé na chómhnuidhe i dtigh beag leis féin. Gach oidhche ar a dó dhéag a chlog thagadh bean isteach chuige agus bhíodh sí ag gabháilt do le slat agus á bháseadh. Gach nídh a deineadh an fear do loiteadh sí é.
Díompuigeadh sí an driosúr síos suas agus do bhriseadh sí na n-áthruistí. Nuair a bhíodh sé na chodladh do thógadh sí amach as an leabaidh é. Nuair a bheireadh sé ar cupan do chaithtí amach as a láimh é. Bhí sé scriosta ciapaithe aici. Do bheireadh sí ar coiléar an chapaill agus do chaitheadh sí anuas ar a cheann é.
Ní raibh fhios aige ar thalamh an domhain cad a dhéanfadh sé lá amháin ghaibh bacach tímcheall agus d'innis an fear do gach nídh mar gheall ar an mhnaoi úd. Dúbhairt an bhacach leis labhairt léi an chéad uair eile a thiocfadh sí agus a rádh léi cnag a bhualadh ar an ndorus már aifrean a theastuigh uaithe. Bhí an fear ana shásta leis(continues on next page)- Informant
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry