School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 445
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí aon mhac amháin aige.”
Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí aon mhac amháin aige. Feirmeóir ana mhór dob eadh é agus bhíodh seisean buachaillí aimsire aige agus beirt cailíní aimsire. Bhí dhá thig cómhnuighthe aige agus do chodluigeadh sé féin agus a bhean agus a mhac sa tig ba dheise acu agus do chodluigeadh na cailíní aimsire agus na buacaillí aimsire sa tig eile.
Bhí ag rith leó sa bhfeirm ar feadh a lán bliadhanta. Bhíodar ábalta ar spórt agus sgléip leis do bhaint as an saoghal.
Tháinig droch bhróitheacht ar an athair uair agus cuireadh fios ar an ndóchtuir agus tháinig sé. Ní raibh faic ag an ndochtúir le déanamh don bhfear agus cuireadh fios ar dochtúir eile agus tháinig se.
Bhí árd cháil ar an ndochtúir seo agus cheapadar go ndéanfadh sé maiteas éigint do. Dúbhairt sé sin leó é chur láithreach go Baile Átha Cliath go dtí an oidbuidéal agus deineadar rud air.
Lár na mháireach tógadh go Baile Átha Cliath é agus chuaidh an(continues on next page)- Informant
- Uilliam Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Cill na gColmán, Co. Kerry