School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 439
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ina chómhnuidhe i gCaisleán Ráth-Chonáin fadó agus bhí sé pósta agus taréis tamaill cailleadh a bhean agus phós sé arís.”
Bhí fear ina chómhnuidhe i gCaisleán Ráth-Chonáin fadó agus bhí sé pósta agus taréis tamaill cailleadh a bhean agus phós sé arís. Ní raibh an chéad bhean bliadhain curtha nuair a fuaireadar leitir ó Co. na Mhídhe a rádh leó go raibh sí féin na bheataid in áit áirighthe i gCo na Mídhe agus dul agus í thabhairt abhaile. Ní ní féin a sgríobadh an leitir inaonchor.
Dúbhairt an leitir go raibh sé inaonfheacht leis na daoine maithe agus gur b'amlaidh a cuireadh sheana bhean na h-áit agus gur bí sin a cailleadh agus go raibh sí féin na beataid. Dúbradh sa leitir leis ná féadfadh aoinne í féin a thabhairt leó ach amháin a fear agus a úncail agus a aintín. Dúbhairt sí leis leó dul ag triall uirthi gan mhoill agus ná déanfadh sí féin aon díoghbháil dá fear ná dá bhean.
Nuair a fuaireadar an leitir sa bhaile tháinig eagla ortha agus ní raibh fhios acu cad a dhéanfaidís. Chuadar go dtí an sagart paróiste ach go n-áirighthe agus thugadar do an leitir. Ní leigeadh sé sin dóibh dul ag triall uirthi inaonchor.(continues on next page)- Informant
- Brigid Bean Uí Lubhaingh
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- Cill na gColmán, Co. Kerry